Obair Bhaile R2 -5ú Bealtaine

Bhuel, tháinig an drochscéal ag an deireadh seachtaine nach bhfeicfimid a chéile go dtí Mí Meán Fómhair. Tá súil agam go bhfuil sibh ar fad go maith agus gur bhain sibh taitneamh as an deireadh seachtaine. Níl ach ceithre lá oibre an tseachtain seo.

  • Spellbound: Week 33. More revision! 4 exercises so one each day.
  • Work It Out: Friday Tests 1 – 4.
  • Seaimpín na dTáblaí: Teist a 4.
  • Bunlitriú: Téigh siar ar Sheachtain a 5 agus cuir 3 fhocal in abairtí gach lá.
  • Peannaireacht: iag, iah, iaj, iak.
  • Feena’s Book of Facts: Read pages 39 to 41
  • Cad É Sin?: lch 21, 22, 23, 24.
  • Gafa Le Mata: Lch a 122, Rothluithe
  • Ceist a 1: Rudaí a chasann
  • Ceist a 2 Rialtán ( Control knob). Tá ‘as’(off), ‘te’ agus ‘fuar’ ann. Má dhéanann tú ¼ de chasadh tá an diail ag……….(te/fuar). Má dhéanann tú ¼ de chasadh eile tá an diail anois ag ……(te/fuar). Ceist a c: Tá casadh iomlán = le dhá ½ chasadh = le ceithre ¼ chasadh. ( Sometimes pupils understand this more clearly if they themselves do full turns, ½ turns and ¼ turns.)
  • Ceist a 3: Arís iomlán, ½ agus ¼ .

           Lch a 123: Dronuillinneacha

  • Úsáid dhá pheann luaidhe chun uillinn a dhéanamh. Buaileann na pinn luaidhe a chéile ag an mbun agus is féidir an spás idir na pinn luaidhe a bheith mór nó beag ag an taobh eile. Tugaimid uillinn ar an spás sin. Coimeád peann luaidhe amháin socair agus bog an ceann eile mar atá i gceist a 1.
  • Dronuillinn : Smaoinigh ar chúinne cearnóige nó na cúinní atá ar dhronuillinn.  Tá ceithre dhronuillinn ar na cruthanna seo. Má fhéachann tú timpeall an tseomra feicfidh tú go leor rudaí le dronuillinneacha. Liostáil iad seo do Cheist a 2 – agus rudaí atá gan dronuillinneacha.
  • Ceist a 3: Ana éasca! Cuir tic más dronuillinn atá ann agus ‘x’ murar dronuillinn atá ann.

Scríbhneoireacht

  • Cad É Sin?
  • An raibh leigheas ag Labhrás do Learaí?
  • An raibh sé deacair a dhéanamh?
  • Cad go díreach a bhí le déanamh ag Learaí?
  • Sa phictiúr ar leathanach a 24, tá Labhrás ag séideadh isteach i rud éigin. Cad é?
  • Feena’s Book of Facts: Write 6 questions based on page 39 beginning with each of the following words: Who? Where? What? When? Why? How?
  • Mo Leabharsa: leathanach a 35 – focalchuardach. Ansin téigh ar ais chuig leathanach a 32 agus úsáid na focail céanna chun lipéid a chur ar na pictiúir agus na focail a scríobh i gceart.

Gniomhaíochtaí eile:

  • Cláracha ar Cúla ar Scoil:

https://cula4.com/en/shows/cula4-ar-scoil/

  • Attached is RTÉ schedule
  • Tá Scéalta le hAoife ar suíomh na scoile.
  • Tá Múinteoir Aogán tar éis leabhair Ghaeilge Rang a 2 a chur ar an suíomh agus is féidir iad a léamh leis: http://gaelscoilchnocliamhna.ie/index.php/2020/04/27/leitheoireacht-ghaeilge/
  • Ná déan dearmad ar aclaíocht / sport! Cad faoi ‘circuit’ a leagadh amach sa gháirdín? B’fhéidir 6 stáisiún a chruthú le gníomhaíocht ag gach stáisiún. Seol grianghraf chugam!
  • Am attaching a recording of the first 7 lines of An Ghl oir

Tá súil agam go bhfuil gach duine ag cabhrú lena cheile agus go bhfuil páistí Rang a Dó ag obair chun an teach a choimeád glan!

Cuir scéal chugam am ar bith agus déanfaidh mé gach iarracht tú a fhreagairt.

Eibhlín