Clárú

Registration

Nuacht & Dátaí

News and Dates

“Oideachas ar ard chaighdeán trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do pháistí uilig na scoile ag tabhairt aitheantais do dhifríochtaí aonair agus riachtanais faoi leith an aidhm atá ag Gaelscoil Chnoc Liamhna. Creidimid go bhfuil sé de cheart ag gach dalta barr a chumais a bhaint amach i dtimpeallacht spreagúil, shona, shuaimhneach. Múintear an creideamh Caitliceach sa scoil. Is í ár mian go ndéanfaidh gach dalta forbairt intleachtúil, fhisiciúil, shóisialta, mhothúchánach agus spioradálta agus go mbeidh bród ar na daltaí as ár dteanga dhúchais agus as ár gcultúr Gaelach.

Creidimid go bhfuil sé tábhachtach atmasféar oscailte, cairdiúil a chothú le béim ar chomhoibriú, ar ghairmiúlacht agus ar obair foirne. Tuigimid gurb iad na tuismitheoirí bunoideachasóirí a bpáistí. Mar sin, cuirimid béim ar chaidreamh dearfach a chothú idir tuismitheoirí agus foireann na scoile agus cumarsáid mhaith a chur chun cinn atá bunaithe ar mheas ar phobal iomlán na scoile. Cuirtear fáilte roimh thacaíocht agus rannpháirtíocht ár dtuismitheoirí – tá coiste tuismitheoirí gníomhach againn, Cairde na Scoile. Agus tá na tuismitheoirí atá ar an mBord Bainistíochta lánpháirteach i bhforbairt na scoile.

Beidh áthas orainn fáilte a chur roimh bhur bpáistí go Gaelscoil Chnoc Liamhna. Déanfaimid gach iarracht féinmhuinín agus féin-mheas a chothú iontu, cur ar a gcumas foghlaim neamhspleách a dhéanamh agus ard- chaighdeán a bhaint amach i nGaeilge agus i mBéarla.”

“Gaelscoil Chnoc Liamhna aims to provide all children in the school with a high quality education through the medium of Irish, taking individual needs and differences into account. We believe it is the right of every child to achieve his or her potential in a stimulating, happy, friendly environment. The Catholic religion is taught and its principles used as a moral guide in the school. Due regard is given to the intellectual, physical, social, emotional and spiritual development of the child and we wish to instil a love and respect for the Irish language and culture in our pupils.

We believe in promoting an open, friendly atmosphere with an emphasis on co-operation, professionalism and team work. We recognise that parents are their children’s primary educators. We encourage positive parent/teacher relationships and promote communication based on respect and trust. We welcome the support of parents and encourage involvement in the development of the school through the Parents’ Association (Cairde na Scoile) and the Board of Management.

We will be delighted to welcome your child to Gaelscoil Chnoc Liamhna and to play a part in developing their self-confidence and self-esteem. By promoting a positive attitude towards learning, we hope to enable them to become independent learners and achieve a high standard in both Irish and English.”

Cárthaigh Ó Cuill - Príomhoide

Seoladh

Gaelscoil Chnoc Liamhna.

Seanbhóthar Chnoc Liamhna,

BÁC 16.

D16 HR26.

Fón: (01) 493 9262

runai@gaelscoilcl.com

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine. 

Ó 8.30am go 2.30pm