top image naionra classroom v2

Naíonra Chnoc Liamhna

Cuireann Naíonra Chnoc Liamhna Oideachas Luathbhlianta ar fáil trí mheán na Gaeilge, i dtimpeallacht fháilteach, sona, sábháilte agus cairdiúil laistigh den fhoirgneamh scoile do pháistí réamhscoile.

image hands painted

Fúinn

Tá Naionra Chnoc Liamhna páirteach sa scéim ECCE. Cuireann an Scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige (ECCE) dhá bhliain réamhscoile ar fáil do leanaí ó 2 bhliain agus 8 mí d’aois go dtí go dtosaíonn siad ar an mbunscoil.

Seisiúin

Bíonn 2 sheisiún againn in aghaidh an lae, 3 uair an chloig an ceann – 8.30 – 11.30am & 11.45am – 2.45pm. Tá cóimheas 1:5 duine fásta:leanaí againn, agus tugann 4 bhall foirne aire do 20 leanbh i ngach seisiún.

Téigh i dTeagmháil

Faigh tuilleadh eolais faoi Naionra Chnoc Liamhna trí chuairt a thabhairt ar ár suíomh gréasáin ag an nasc thíos. Má tá aon cheist agat, déan teagmháil linn trí ríomhphost ag naionracl16@gmail.com nó ar an nguthán ar 086 1050613.