top image music

Ceol

Cuirtear a lán béime ar an gcultúr ceoil sa scoil. Bíonn an Múinteoir Cárthaigh i
gceannas ar chór na scoile. Bíonn bród orainn an chór a chlóisteáil ag canadh ag ócáidí ar nós an Chéad Chomaoineach, an Chóineartú agus ag seibhís charúl na Nollag sa séipeál aitiúil.

image music

Ceol Éireannach

Bíonn an grúpa ceoil, faoi stiúir an Mhúinteoir Aogáin, lárnach i go leor imeachtaí agus ceiliúrthaí scoile. Bíonn ról lárnach ag an ngrúpa ceoil le linn cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl sa chlós do thuismitheoirí na scoile mar shampla damhsa céilí agus paráid leis na páistí gleasta i nglas.

Bíonn deis ag na páistí an fheadóg stáin a fhoghlaim ar scoil freisin. Is minic a bhíonn daltaí ó Rang 2 agus Rang 6 ag seinm ar na feadóga stáin ar ‘Lá na Seantuismitheoirí’, rud a chuireann go mór le hatmaisféar taitneamhach agus ceolmhar na hócáide.

cloud

Ár scoil i bpictiúir

Sleamhnaigh trasna chun níos mó a fheiceáil.

sdcc gaelscoil chnoc liamhna ben ryan 17
sdcc gaelscoil chnoc liamhna ben ryan 30
sdcc gaelscoil chnoc liamhna ben ryan 24
school team
img 20250429 wa0000
whatsapp image 2022 06 20 at 9.53.42 am
leabharlann2
img 20240920 wa0004
school aerial shot