top image sport

Sport

Tá an spórt fite fuaite i ngníomhaíochtaí laethúla na scoile. Tá ceangail mhór ag an scoil leis an gclub Cumann Lúthchleas Gael áitiúil, Baile Bhuadáin Naomh Éanna. Bíonn Boden Óg gníomhach sa scoil ag múineadh scileanna peile, iománaíochta agus camógaíochta do na páistí ó ranganna na Naíonán go Rang 2.

Glacann páistí na scoile ó ranganna 3 go 6 páirt i gcluichí Chumann na mBunscol sa pheil, san iománaíocht agus sa chamógaíocht, Cabhraíonn tuismitheoirí na scoile leis na foirne a thraenáil agus na cluichí a eagrú dúinn agus táimid an-bhuíoch as ucht an tacaíocht a thugann siad dúinn i gcónaí.

Glacann na páistí ó Rang 4 go Rang 6 páirt i dtraenáil rugbaí le traenálaí ón gclub Rugbaí Laighean.

image sport

Tuilleadh Spóirt

Glacann foireann buachaillí agus cailíní páirt sa chomórtas ‘Cúigear Imreoirí an Taobh’ a reachtálann Cumann Peile na hÉireann (FAI). Is do pháistí ó ranganna 4-6 atá an comórtas dírithe air.

Bíonn imeachtaí lúthchleasaíochta ar siúl sa scoil freisin agus glacann páistí páirt i gcomórtais lúthchleasaíochta Seantrabh.

Bíonn spórt agus spraoi ar an Lá Spóirt freisin.

Tá go leor áiseanna spóirt againn sa scoil. Tá halla mór againn ina n-imrítear cluichí éagsúla ar nós haca, badmantan, cispheil agus ina mbíonn ranganna rince Gaelach ar siúl freisin. Tá dhá chúirt chispheile lasmuigh againn chomh maith.

Tá páirc imeartha in aice na scoile, agus is ann a dhéantar an traenáil do na foirne peile agus iománaíochta. Uaireanta, imrítear cluichí de chuid Chumann na mBunscol ar an bpáirc sin freisin.

cloud

Our Sport in Pictures

Slide across to view more.

sport 1
sport 4
sport 7
sport 2
whatsapp image 2022 06 20 at 9.53.42 am
whatsapp image 2022 06 20 at 9.53.42 am 2
school team
sport 3
sport 5