
Céad Chomaoineach R3 Dé Sathairn 19ú Nollaig 11.30am!
https://www.youtube.com/watch?v=Vpnvs2VdQEg&feature=youtu.be
.
Dá fhada an lá, tagann an oíche! Dea-scéal is ea é go mbeidh R3 ag céiliúradh sacraimint an Chéad Chomaoineach ar an Satharn seo chugainn, an 19ú de Mhí na Nollag ag 11.30 am. Is féidir cliceáil ar an nasc YouTube thuas chun an craoladh beo a fheiceáil ar an lá. Táimid ar fad ar muin na muice go bhfuil dáta againn faoi dheireadh don lá bán, speisíalta seo i saoil na bpáistí agus na tuismitheoirí. Tá súil againn go mbainfear taitneamh as agus go mbeidh na cairde agus na gaolta ar fad, nach mbeidh cead acu a bheith i láthair ar an lá, in ann breathnú ar an gcéiliúradh sa séipéal tríd an nasc thuas agus gabhaimid buíochas don Athair Joe agus na sagairt paróiste ar fad a shocraigh dúinn é.
Físeán nua den Athair Joe do R2
Nuachtlitir Mhí na Samhna -Tá nuachtlitir scoil nua foilsithe againn atá lán le scéalta agus eolas scoile. Cliceáil ar an nasc faoin bpictiúr chun ár Nuachtlitir nua a híoslódáil.
Nuacht litir Lúnasa 2020
Eolas do Thuismitheoirí maidir le hathoscailt na scoile.
Scéalta nua le hAoife
Leanaigí ar aghaidh ag éisteacht agus ag léamh in éineacht leis an múinteoir Aoife ó na Naíonáin Mhóra. Tá sí i gcónaí ag cur lena cnuasach scéalta Gaeilge agus Béarla ar YouTube.
Tá tuilleadh le feiscint ag an nasc seo ar leanas: http://gaelscoilchnocliamhna.ie/index.php/2020/06/04/scealta-nua-le-haoife-2/
May, 2020

Lá Spóirt i nGCL. Tá na múinteoirí ar fad, gníomhach amuigh faoin spéir i mbun gach uile saghas spóirt. Féach ar an bhfíseán agus féach cad atá á dhéanamh ag do mhúinteoir féin!
-Cad atá á dhéanamh ag do mhúinteoir?