
Bord Bainistíochta
Tá Bord Bainistíochta comhdhéanta d’ionadaithe ó iontaobhaithe na scoile, ionadaithe ó thuismitheoirí, ionadaí ó mhúinteoirí, an príomhoide agus beirt bhall den phobal i gcoitinne. Tá an bord freagrach as rith na scoile, ceapadh foirne agus as bainistíocht airgeadais na ndeontas uile ón roinn oideachais agus na síntiús ó thuismitheoirí don scoil.
Bíonn téarma ceithre bliana ag gach bord. Toghtar ionadaithe na dtuismitheoirí (athair/caomhnóir fireann amháin agus máthair/caomhnóir baineann amháin) ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil Chomhairle na dTuismitheoirí. Ag an gcéad chruinniú den bhord nua, moltar ainmneacha na mball den phobal a bheadh sásta fónamh ar an mbord ar mhaithe leis an scoil agus ansin vótálann na sé bhall eile orthu. Feidhmíonn gach ball ar bhonn deonach.
Current
Baill Reatha 2024 – 2027
Ainmnithe an Phátrúin
Marcella Nic Niallaigh agus Ciarán Mac Criostail
Ainmnithe na dTuistí
Kiandra Twamley agus John Wills
Ainmní Múinteora
Clár Ní Fhlatharta
Ionadaithe Pobail
Bernadette White agus Ciarán Mac Uidhir
Príomhoide
Cárthaigh Ó Cuill
Teagmháil
Uaireanta Oscailte na Scoile
Luan – Aoine 8.50am – 2.30pm
Táimid ag tnúth le cloisteáil uait!