Márta 2020

A Thuismitheoirí, a chairde,

Tá súil agam go bhfuil sibh agus bhur dteaghlaigh ag coinneáil slán sábháilte.

Iniata anseo ná plean don tseachtain seo chugainn ón 30ú Márta go dtí an 3ú Aibreán. Iarraim ar na páistí cibé méid gur féidir leo a dhéanamh, ach nílim ag iarraidh go mbeadh aon duine faoi bhrú.  Níl sé riachtanach gach rud a chríochnú.  Seolfaidh mé cúpla físeán chugaibh i rith na seachtaine agus tá súil agam go mbeidh siad mar chúnamh daoibh.   Ar an Aoine más féidir libh grianghraf nó dhó a ghlacadh de na píosaí oibre is fearr leis na páistí, agus a roghnaigh siad féin, a sheoladh chugam, bheinn an-bhuíoch.  Déanfaidh me iarracht bheith ar fáil le ríomhphoist a fhreagairt idir 11.00 – 12.00 agus idir 14.30-15.00 gach lá.  Míle buíochas!

I hope that you and your families are keeping safe and well.

I have enclosed a weekly plan here for the week beginning the 30th of March. I would ask that the children complete what they can each day, as I would not like anyone to be feeling under pressure or overwhelmed. I will forward a couple of videos to you during the week, which I hope may be of some help.  It would be great if you could ask the children to select one or two pieces of their work so that you might photograph it and send to me on the Friday.    If you have any questions, I will be available via e-mail between 11.00 and 12.00 and again between 14.30 and 15.00 every day.  Many thanks!

Guím gach rath oraibh agus ar bhur dteaghlaigh.  Fanaigí Slán.

Le gach dea-ghuí

Nuala