Tionscnaimh na Mara ó R2
Tionscnamh R2 -Ainmhithe a chónaíonn san uisce
Físeáin foghlama don Chéad Chomaoineach
Seo chugaibh cúpla físeán ón Múinteoir Aoife ag taispeáint daoibh conas Comhartha Croise a dhéanamh i gceart agus conas an dá phaidir an Ár nAthair agus an Ghlóir don Athair a rá. Cleachtaigí sa bhaile ina teannta agus beidh sibh réidh don lá bán.
Daltaí na Seachtaine R2 14ú Nollaig
Gaelgeoir na Seachtaine = Amber Ní Ghríofa
Scríbhneoir na Seachtaine = Éamon Ó Dálaigh
Comhghairdeas leis an mbeirt thuas atá éacht déanta acu lena gcuid obair scoile. Mo cheol sibh!
Céad Chomaoineach R3 Dé Sathairn 19ú Nollaig 11.30am!
https://www.youtube.com/watch?v=Vpnvs2VdQEg&feature=youtu.be
.
Dá fhada an lá, tagann an oíche! Dea-scéal is ea é go mbeidh R3 ag céiliúradh sacraimint an Chéad Chomaoineach ar an Satharn seo chugainn, an 19ú de Mhí na Nollag ag 11.30 am. Is féidir cliceáil ar an nasc YouTube thuas chun an craoladh beo a fheiceáil ar an lá. Táimid ar fad ar muin na muice go bhfuil dáta againn faoi dheireadh don lá bán, speisíalta seo i saoil na bpáistí agus na tuismitheoirí. Tá súil againn go mbainfear taitneamh as agus go mbeidh na cairde agus na gaolta ar fad, nach mbeidh cead acu a bheith i láthair ar an lá, in ann breathnú ar an gcéiliúradh sa séipéal tríd an nasc thuas agus gabhaimid buíochas don Athair Joe agus na sagairt paróiste ar fad a shocraigh dúinn é.
Obair Bhaile NMh 7ú Nollaig
Daltaí na Seachtaine R2, 7ú Nollaig
Comhghairdeas leis na scoláirí seo ar leanas a roghnaigh an múinteoir do dhuaiseanna speisialta:
Gaeilgeoir na seachtaine -Cian Ó Muirile
Scríbhneoir na seachtaine -Caoimhe Nic Giolla Phádraig