Bliain Scoile Nua 2022 – 2023

Tá súil againn go raibh Samhradh álainn agaibh. Anois, cuirimid céad míle fáilte roimh gach éinne, idir thuismitheoirí, múinteoirí agus páistí, ar ais go Gaelscoil Chnoc Liamhna don scoilbhliain nua. Beidh ár scoil nua réidh dúinn sara fada le cúnamh Dé agus táimid ar fad ar bís ag feitheamh ar an lá go mbeimid in ann bogadh isteach inti.