Bliain Scoile Nua 2022 – 2023
Tá súil againn go raibh Samhradh álainn agaibh. Anois, cuirimid céad míle fáilte roimh gach éinne, idir thuismitheoirí, múinteoirí agus páistí, ar ais go Gaelscoil Chnoc Liamhna don scoilbhliain nua. Beidh ár scoil nua réidh dúinn sara fada le cúnamh Dé agus táimid ar fad ar bís ag feitheamh ar an lá go mbeimid in ann bogadh isteach inti.
Nuachtlitir Deireadh na Bliana Scoile 2021
Pacáilte le nuacht agus grianghraif álainne do na páistí i mbun gníomhaíochtaí difriúla ar scoil. Íoslódáil do chóip fhéin anseo thíos:

Nuachtlitir na Cásca
Nuachtlitir Mí an Mhárta
Buaiteoirí an Chomórtais Lá na Leabhar
Comhghairdeachas do na páistí a bhuaigh. Is féidir email a sheoladh chuig cairdecl@gmail.com chun do dhuais a fháil

Lá na Leabhar
Chuir cúpla páiste isteach ar an gcomórtas náisiúnta do Lá na Leabhar. Is iontach an slí é laethanta fada na dianghlasála a chaitheamh ag léamh agus an teilifís a mhúchadh ar feadh tamaillín 🙂
Nuachtlitir Eanáir 2021
Nuachtlitir na Nollag 2020
Céad Chomaoineach R3 Dé Sathairn 19ú Nollaig 11.30am!
https://www.youtube.com/watch?v=Vpnvs2VdQEg&feature=youtu.be
.
Dá fhada an lá, tagann an oíche! Dea-scéal is ea é go mbeidh R3 ag céiliúradh sacraimint an Chéad Chomaoineach ar an Satharn seo chugainn, an 19ú de Mhí na Nollag ag 11.30 am. Is féidir cliceáil ar an nasc YouTube thuas chun an craoladh beo a fheiceáil ar an lá. Táimid ar fad ar muin na muice go bhfuil dáta againn faoi dheireadh don lá bán, speisíalta seo i saoil na bpáistí agus na tuismitheoirí. Tá súil againn go mbainfear taitneamh as agus go mbeidh na cairde agus na gaolta ar fad, nach mbeidh cead acu a bheith i láthair ar an lá, in ann breathnú ar an gcéiliúradh sa séipéal tríd an nasc thuas agus gabhaimid buíochas don Athair Joe agus na sagairt paróiste ar fad a shocraigh dúinn é.