Céad Chomaoineach R3 Dé Sathairn 19ú Nollaig 11.30am!

https://www.youtube.com/watch?v=Vpnvs2VdQEg&feature=youtu.be

.

Dá fhada an lá, tagann an oíche! Dea-scéal is ea é go mbeidh R3 ag céiliúradh sacraimint an Chéad Chomaoineach ar an Satharn seo chugainn, an 19ú de Mhí na Nollag ag 11.30 am. Is féidir cliceáil ar an nasc YouTube thuas chun an craoladh beo a fheiceáil ar an lá. Táimid ar fad ar muin na muice go bhfuil dáta againn faoi dheireadh don lá bán, speisíalta seo i saoil na bpáistí agus na tuismitheoirí. Tá súil againn go mbainfear taitneamh as agus go mbeidh na cairde agus na gaolta ar fad, nach mbeidh cead acu a bheith i láthair ar an lá, in ann breathnú ar an gcéiliúradh sa séipéal tríd an nasc thuas agus gabhaimid buíochas don Athair Joe agus na sagairt paróiste ar fad a shocraigh dúinn é.