bom banner

Bord Bainistíochta

Tá Bord Bainistíochta comhdhéanta d’ionadaithe ó iontaobhaithe na scoile, ionadaithe ó thuismitheoirí, ionadaí ó mhúinteoirí, an príomhoide agus beirt bhall den phobal i gcoitinne. Tá an bord freagrach as rith na scoile, ceapadh foirne agus as bainistíocht airgeadais na ndeontas uile ón roinn oideachais agus na síntiús ó thuismitheoirí don scoil.

Bíonn téarma ceithre bliana ag gach bord. Toghtar ionadaithe na dtuismitheoirí (athair/caomhnóir fireann amháin agus máthair/caomhnóir baineann amháin) ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil Chomhairle na dTuismitheoirí. Ag an gcéad chruinniú den bhord nua, moltar ainmneacha na mball den phobal a bheadh ​​sásta fónamh ar an mbord ar mhaithe leis an scoil agus ansin vótálann na sé bhall eile orthu. Feidhmíonn gach ball ar bhonn deonach.